Crainn agus Toir

Crainn & Toir

Is leabhar iontach Crainn agus Toir timpeall 800 leathanach agus ghrianghrafanna daite le húdar Flóra Chorca Dhuibhne, Máirín Tom a’ Mháistir, Máirín Uí Chonchubhair. 

Is geall le scannán ar iontais Dé sa dúlra an leabhar seo.
Pádraig Ó Fiannachta Scéala ón Díseart, West Kerry Live, 8 Meitheamh 2014
    


Ceannaigh / Buy 
_Gradam Ui Shuilleabhain (4)

Maidir leis an leabhar

Déantar cur síos cuimsitheach sa saothar seo ar chrainn agus ar thoir na hÉireann: a dtábhacht miotaseolaíochta agus topagrafaíochta, litríochta, míochaine agus béaloidis; a dtábhacht mar shiombail an dúchais agus a ról i bhforbairt na mainistreacha agus na n-eastát tar éis teacht na Normannach i leith. Lámhleabhar bunúsach é seo a chabhróidh go mór linn tairbhe agus taitneamh a bhaint as an acmhainn nádúrtha seo chun oideachais agus chun áineasa agus cuirfidh sé abhaile orainn ag an am gcéanna ár ndualgas i leith a caomhnaithe.

Is leabhar eisceachtúil iontach é a léiríonn go cuimsitheach na crainn is na toir atá ag fás in Éireann, idir na cinn atá nádúrtha dúchasach agus iad atá tugtha isteach. Ní hamháin san, ach léiríonn sé stair an fhásra seo, na cúinsí fáis ar a bhraitheann sé agus stair a scaipthe.

Cuireann Máirín an fásra seo i gcomhthéacs stair fhásra na hÉireann ag dul siar sna haeóin gheolaíochta ag miniú an baint atá ann idir gheolaíocht, ithir agus na plandaí, an fáth go bhfuil siad ann agus a d’fhorbraigh mar a dhein. Tá an scéal iomlán soiléirithe le griangrafanna agus léaráidí anótáilte go hoiriúnach.

About The Book

This remarkably comprehensive account of native and non-native Irish trees and shrubs is written by author Máirín Uí Chonchubhair, the research for which has spanned three decades. It is an epic exploration, interlinking cultural and environmental histories.

As well as a comprehensive explanation of their botanical attributes, this book contains a fascinating account of the role of trees and shrubs in balancing ecosystems throughout the ages; their uses from medicinal and culinary purposes to woodcraft, woodcarving, landscaping, furniture making, and construction; together with their part in spells and superstition, myths, legends, poetry, literature and folklore.

This lively and scholarly work, in full colour, is written entirely in Irish containing over 400 species illuminated with over 2,000 colour photographs, diagrams and illustrations.

Crainn agus Toir will give us an insight into how the natural world interacts and it will help students and future generations to interface with the subject in our native language.

fAoin t-Údar

Ó Dhún Chaoin an t-údar Máirín Uí Chonchubhair (Ní Dhálaigh roimh phósadh di). Is luibheolaí agus oide eolaíochta í, agus bhí sí ag múineadh i gColáiste na gCnoc Glas, Baile Átha Cliath. D’fhoilsigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne an chéad leabhar uaithi, Flora Chorca Dhuibhne, in 1995 ina bhfuil cuntas cuimsitheach ar phlandaí na dúichí ina dtimpeallacht nádúrtha, agus cur síos ar nósanna traidisiúnta agus ar an mbéaloideas a bhaineann leo.
Is leagáid fíor tabhach ó Máirín é Crainn & Toir do na glúnta atá le teacht.
Níl a leithéid de leabhar eile ann mar é.

Mairin Ui Chonchubhair Leabhair 2024

ABOUT THE AUTHOR

Máirín Uí Chonchubhair, native to Chorca Dhuibhne, spent her life teaching in Dublin. She is the author of Flora Chorca Dhuibhne.

She has spent three decades researching and photographing the material for this vital resource for students of Irish and of Botany for the future, at a time when it has never been more important to understand our natural world.

Crainn & Toir is Máirín’s remarkable legacy to future generations.

AGallamh – RTÉ Raidió na Gaeltachta


‘Is mór an trua nach raibh an seod leabhair seo ann nuair a thosnaigh mé ar staidéar na bplandaí ar dtús mar ba mhaith an bonn dom é don saothar saoil idir lámha agam ó shin.’

‘The plant kingdom is as varied, complex and fascinating as our own animal kingdom. Much of the complexity is revealed and explained in Crainn agus Toir.
What a pity such a treasure as this book was not available when I first began to study plants. It would have been a perfect foundation for what became my life’s work.’
Donal Synnott, Former Director National Botanical Gardens of Ireland

Ceannaigh / Buy 

Eolas Foilsitheoireachta

Teideal: Crainn & Toir

Údar: Máirín Uí Chonchubhair

Foilsitheoir: Dingle Publishing

ISBN: 9781527281301

Costas: €85.00

Clódóireacht: Daite

Ghriangraf/Learáidí: 2,000 ghriangrafanna daite, 400 learáidí and 60 táblaí

Páipéar: 115gsm páipéar bán brataithe (gardamatt)

Ceangal: Ceathrúcheangal (Wibalin) le scragall óir ar an droim agus leathán daite le lannaigh

neamhlonrach; le bileog cheangal daite; marc leathanaigh ribín agus banda bun & barr. Tomhas: 299 x 237mm

Méid leathanach: 764pp

Dáta foilsithe: Márta 2024